Sunday 3 November 2013

Machnamh Mharia


Siúlaim suas An Bóthar Fada
Ag éisteacht le mo raidió
Ag tabhairt aire dom chúram fhéin.

Tá bean caite cois chlaí
Ag ól buidéal cider
Béiceann sí:
“Agus cad leis atánn tú ag éisteacht…in Ainm Dé?”
Sobal léi…
A caincín geancach cosúil le brocaire i bpoll coinín
Ag réabadh is ag tochailt eolais
Chun é a scaipeadh ar fuaid
Bhaile an Daingin.

Tá éad uirthi anois mar ná féidir léi
Meangadh gáire a dhéanamh
Mar a dheinimse…
Nuair a eistím le Gift Grub…!!
Ach shh!!

Shh!!

“Ó tá san fé rún” a deirimse
“Ó in aimn Dé”, ar sí arís, ag sceamhaíl orm.

Caithim gáire

A bhitch…
’Sé mo chúram fhéin é…

Leanaim orm go costrom suas an bóthar
Ag déanamh mo mhachnamh

Agus
Shh!!
Sea…
Mé cráite ag ceol.

Tuesday 10 September 2013

An tSiúir Stan

[Maireann an tSiúr Stanislaus in aice liom. ]

Crochadh Íosa ar an gCrois
Tairne ins ngach láimh
A dhá chos greamaithe den adhmad
Fuil ag sileadh síos a aghaidh
Ón gcoróin spíona
A raibh sáite go doimhin ina cheann.

Íosa bocht
É cosúil le uan

Cosúil leis an seana-wino bocht
Sa lá atá inniu ann
Sínte ar chlár adhmad
Fuil ag teacht amach a chluasa
Taréis bataráil na hoiche d’fháil
Ó ghang dhéagoirí
A cheap go raibh sé cool fear bocht, ciúin, cinéalta
A chicéail sa cheann.

Fear bocht
É cosúil le uan

Paipear tarraingte timpeall ar fhéin
Ag iarraidh é fhéin a théamh

Ach d’eirigh Íosa ós na mairbh
Agus shabháil sé an chinneadh daonna

D’eirigh an tSiúir Stan óna leabaigh
Chun an wino bocht a shábháil

Ghlan sí an fuil go mín dá aghaidh
Thug sí bath do
Asus leaba deas glan
Agus pyjamas
Agus braon tae
Agus buidéal uisce te.

Na deora ag sileadh le Jude
Ach gan aon airgead aige chun an aingeal seo a íoc
Bheadh gach aon pingin ó Jude á spárailt aige
Chun buidéal cider a cheannach
Larna na mháireach

Ná bac leis a dúirt an bhean lach cráifeach cinéalta
Ach rud amháin a iarraim duit
Teir an tséiléal agus las coinneal dom
Agus tabhair aire duit fhéin

Sister Stan
Í cosúil le h-uan


Thursday 29 August 2013

Mo Sciatháin Briste

Dúirt Muire i gcogar liom
Inniu
“Ná lig de na rúin cur isteach ort…
Ná bí buartha futhu…
Táimse i d’theannta…
Ná dein dearmad ar t’anam
Ná ar anamacha do mhuintir
Bí cróga
Seas in aghaidh na gaoithe

Ó a Mhuire, a Mharia
Táim lag agat
Lag ó bheith ag smaoineamh
Mearbhall orm
Cosúil le caoire le galar cam

Cím rud éigin ag corraí sa ghort
Rud éigin dubh
Dorcha
An diabhal…
Ab ea…?
Táim scanraithe anois

Ní scaoilfidh me na rúin le héinne
Ach a Mháthair
Tá cnopán mór
Curtha agat ar mo dhrom
Táim cosúil leis an seanleaid
A bhí ag teacht ón nDaingean
Agus a chuala na púcaí ag canadh
Agus a dhein pairseach don amhrán
Dé Luain, Dé Máirt
Dé Luain, Dé Máirt

Bain díom an t-ualach
Saor mé ón gcreideamh seo
Lig dom seasamh suas díreach
Go dtógfaidh tú i do bhaclainn me
Agus go bpógfaidh tú

Mo sciatháin briste.

An Ghealach Gorm

D’eirigh an ghealach gorm
Amach as an doiricheacht
Ní raibh éinne timpeall chun cabhrú liom
Chuala an mada rua ag liúreach
Agus uan bheag bhán ag béicigh
An nadúr corraithe
Sceoin im’ chroí.

Bhíse imithe uaim
An gomh ort chugam
Nuair ná raibh an dínnéar
Réitithe i gceart duit
Breall ort
Furist breall a chur ort…

Bhí an oíche ar lasadh fén dtrath seo
An ghealach lán sa spéir
Dhúnas na fuinneoga
Chuireas na baltaí ar na dóirse
Mhúcas na soilse
Agus shuíos im chathaoir cois tine
Ag éisteacht agus
Ag fanacht.

Bhí an mada rua le clos fós
Ach bhí an t-uan balbh
Mise ann fós
Ag éisteacht agus

Ag fanacht. 

Sunday 25 August 2013

An Gadaí Gránna

’Sé seo an saol
Saol gan mhaith
Gan gháire
Gan ghreann.

Níl éinne im’ shaol anois
Bhí fear ann tráth
Ach…d’imigh sé…
Ar imirice chun na hAifrice
A dúirt sé liom.

Scríbhneoir ab ea é
A dúirt sé liom
Philanthropist
Huh!
Ag scríobh aistí
Ní bhfuaireas é sin amach
Go dtí an lá a dúirt sé
Slán.

Aistí!...huh!
Ní mór mar sin
An scríbhneoir é
Ag ligint air
Go bhféadfadh sé scríobh
Ag ligint air
Go raibh sé i ngrá liom.

Ghoid sé mo chroí
An gadaí gránna.

Ghoid sé m’anam
Agus ghoid sé mo chorp.

Ghoid sé an fuinneamh a bhí ionam.

Táim mar rud marbh anois aige
Rud caite críonna…bailithe
Agus é fhéin…bailithe leis
Go meidhreach
An bother síos
Ar a bhicycle

Slán leat
A sheanrud gan mhaith.

Dein staidéar ar bhean eile,
Ar chultúr eile
Ar chroí eile
Ar amadán eile…

Táim níos fearr as
I m’aonar.

Saturday 24 August 2013

Is ag Dia amháin atá fhios

Cá bhfuileann tú uaim, a chroí
Táim ag fanacht leat
Mo shaol go léir.

D’imís uaim ar nós gal gaoithe
Gan tásc ná tuairaisc ort
Le blianta fada.

Tá an rós a thugais dom
Fós go h-álainn
Suite istigh idir dhá leathanach
An Bhioba Naofa
Triomaithe ar feadh na síoraíochta
Cumhra álainn mór thimpeall mo thig.

An cuimhin leat an tráthnóna san
A chuamar go dtí Cill Airne
Bhí relics Naomh Treasa sa Chathedral
Scuaine mílte ar fad
Gach éinne socair
Beagán báistí
Gan éinne  ag gearán
Ceo bog ár gclúdach
Blaincéad
Chuir sé Auszwich i gcuimhne duitse
Chuir sé Neamh i gcuimhne dósa

D’athraigh an turas sin go Cill Airne gach rud
D’imigh an pian a bhí im’ cheann agam
Agus d’imigh tusa om’ thaobh
Neadar cad a tharla
Is ag Dia amháin atá a fhios.


Maria Ní Mhurchú

Dán do shaghas eile...

COUREL dos tesos cumes que ollan de lonxe!
Eiquí síntese ben o pouco que é un home...
                                                       
High mountains of Courel that look far away!
Here you can feel how small a person can be...
                                                Uxío Novoneyra

Féach ar shléibhte Courel a fhéachann i bhfad ó bhaile!
Anseo is féidir a bhrath cé chomh beag bídeach is is féidir le duine a bheith…

                                                Maria Ní Mhurchú

Friday 23 August 2013

An Colúr Bán

Ní féidir liom codladh anocht.
An iomarca ag titim amach ar fuaid an domhain
Ná féach ar an dteilifís mar sin!
Ach níl aon leigheas agam air
Pictiúirí ag cur as dom’ cheannaín bocht.

Socraím an piliúr
Éistím leis na blues
Léim leabhar
Deirim paidir.

Táim ag fanacht le Ian ach
Níl tásc ná tuairisc air…

Cloisim an ghloine á briseadh thíos staighre
Ó Chríost, cad a dhéanfad nó cé tá ann…?
Éirím as mo leaba, mo dhá chos cosúil le jelly
Éalaím síos an staighre
Shh! Tá glór sa seomra suite.
Osclaím an doras go mall
Ar crith agus mo chroí cosúil le pump
Tá an vás a bhí suite os cionn na tine
Briste i smidiríní ar fuaid an urláir
Agus éan ag eitilt ón dteilifís
Go dtí an chathaoir
Go dtí an bord
Cac ar fuaid na háite aige.

Deirim paidir
Tá an t-éan bocht níos a mheasa ná mar atáimse.
Scaoilim saor é isteach i ndoircheacht na hoíche
Agus deinim cupán tae
Cím scáth an cholúir bháin sa ghealach agus
É ag eililt i dtreo na réiltíní.


Fear a’ Tí

Tánn tú suite ansan
Ar do sháimhín só
Beag beann ar an saol
Lasmuigh de do dhoras
Cathaoir órga faoid’ thóin
Agus leanbh breá beathaithe
Ataithe
Faoi d’ascail.

Tá leanaí na tíre seo
Ataithe
Chomh maith
Ach ní ag caviar
Ach ag aer tirim na dúiche…

Is maith liom an dath dearg
Atá ar do ghúna galánta
Ach b’fhearr liom
A bheith istigh i bpluais
Seachas cur suas leis
An bpusachán atá pósta leat.

An gcuimhníonn  tú riamh ormsa anois?
Bhís ana-mhór liom nuair a bhíomar óg.
Sciobais mo leannán uaim
Le do chuid airgid agus ardnósanna.

Bhailíos liom chuig an Aifric
Croíbhriste.
Nósanna de shaghas eile amuigh anso
A thógann tamall dul i dtaithí orthu
Ach nach mise a bhí ámharach
Gur thugas na cosa go deas liom.


Duilleoga Draíochta

Siúlaim tríd an gcoill
Táim sceimhlithe
’Dhaid!
Tar i gcabhair orm!
Ach ní chloiseann éinne mé.

Suím síos in aice chrann mór darach
Mo chorp ar crith.

Tosnaíonn an bháisteach
Agus cloisim guth mo Dhaid
Istigh im’ cheann
“Cuir ort casóg
Féach ar na scamaill”.

Cím feithid ollmhór
Ag eitilt im’ threo
Deinim scréach
Seasann an fheithid ar chrann in aice  liom
Deineann sí gáire
Deinimse gáire.

Tinkerbell atá ann
Fairie beag
Mo chara draíochta
Anois cím a sciatháin
Déanta den ndrúcht
Agus gúna beag síoda gorm uirthi
“Ná bíodh aon eagla ort, a chroí”
Arsa an Fairie liomsa
Lean mise agus beir alright.

Dheineas amhlaidh
Agus chonac m’athair
I ndiaidh na gcaorach

Ar an dtaobh eile den choill.

Tuesday 13 August 2013

Féile na Lúnasa

Bhíos ag obair aréir san oifig
Ag prapáil d’Fhéile na Lúnasa
Alán le déanamh
Léachtaí le socrú
Oilithreachtaí le déanamh
Mórthimpeall Chorca Dhuibhne
Dátaí le cinntiú
Cuirí le cur amach
Bhíos sásta.

Thána ar “link” ar mo ríomhaire
A thug isteach i saol eile mé
Saol na Maighdine Muire
Na cúiseanna go dtainig sí chugainn
Ár wárnáil i dtaobh
Cogaí agus
Marú agus
Bás
Na ruin diamhaireach a thug sí dos na leanaí
Á scanrú
Bhíos scílithe.

Thiteas ar mo ghlúine ar an t-úrlár
Dheineas Comhartha na Croise
Agus scaipeas an t-uisce bheannaithe
Ar fud na h-áite
Ghuíos chuig an Cholúr Bhán
Tháinig íomhá álainne na Maighdine ag Lourdes
Chugam i mbrionglóid
Leigheas an t-uisce mé
Bhíos séimh.

Chodlaíos na h-oíche
Ag taibhreamh ar cad a bhí romham amach
Sceitimíní orm a chlos faoin Bhliain Cheilteach
Agus faoin Leabhar Eoin.

Bhíos sásta.

                                                                  Iúil


Tuesday 6 August 2013

Oíche Chinn Bhliana

Oíche Chinn Bhliana

Féachaim amach an fhuinneog
Níl faic le feiscint
Ceo mar phlaincéad
Ar thithe mo chomharsan.

Soilse ag iarraidh solas a chaitheamh
Ar an mbóthar.

Ceo mí-nádúrtha
Ar aon dul lem’ cheann
Múchta.

Slogaim cúpla piolla
Agus féachaim timpeall orm fhéin;
Mo sheomra cosúil le tip
Na haon rud i ngabhal a chéile
Gan fonn orm mo chuid éadaigh a chrochadh suas…
Gan fonn orm iad a ní…
Gan fonn orm mé féin a ní.

Ní féidir liom éirí
Ceangailte dem’ leaba
Le cornasc óm’ cheann
Mo smaointe trína chéile.

Cá bhfuil Íosa anois?
Cá bhfuil Padre Pio?
Ní féidir liom paidir a rá
Ní féidir liom codladh.

Shh!
Cloisim torann i bhfad uaim
Lasann an oíche.

Splancanna spleodracha a lasann an oíche
Tagann éirí croí orm.

Na fireworks ar an gcé dearmadta agam -
Oíche Chinn Bhliana.

Leanann an spré órga, gorm, oráiste, airgead
Maireann sé leathuair a’ chloig.


Dúnaim an fhuinneog,
Dúnaim mo shúile,
Deinim iarracht ar chodladh.


Monday 5 August 2013

An Gadaí Gránna

An Gadaí Gránna....    [leaid a sciob mo chroí leis ina shatchel...!!! lol ]  

’Sé seo an saol
Saol gan mhaith
Gan gháire
Gan ghreann

Níl éinne im’ shaol anois
Bhí fear ann tráth
Ach…d’imigh sé…
Ar imirice chun na hAifric
A dúirt sé liom.

Scríbhneoir ab ea é
A dúirt sé liom
Philanthropist
Huh!
Ag scríobh aistí.
Ní bhfuaireas é sin amach
Go dtí an lá a dúirt sé
Slán.

Aistí!...huh!
Ní mór mar sin
An scríbhneoir é
Ag ligint air
Go bhféadfadh sé scríobh
Ag ligint air
Go raibh sé i ngrá liom

Ghoid sé mo chroí
An gadaí gránna

Ghoid sé m’anam
Agus ghoid sé mo chorp.

Ghoid sé an fuinneamh a bhí ionam

Táim mar rud marbh anois aige
Rud caite críonna…bailithe
Agus é fhéin…bailithe leis
Go meidhreach
Síos an bothar
Ar a bhicycle

Slán leat
A sheana-rud gan mhaith.

Dein staidéar ar bhean eile,
Ar chultúir eile
Ar chroí eile
Ar amadán eile…

Táim níos fearr as
I m’aonar.


Mo Chara Pádraig

Tá cara mór maith agam
Agus Pádraig is ainm do
Siúnéir ab ea é nuair a bhí sé óg
Inniu is Corp agus Fuil Íosa é.

Glaonn sé orm ar mo mhobile
Conas tánn tú inniu?
Níos fearr a deirim…

Ní theastaíonn uaim é a chrá
Ní ligim orm go bhfuil
An seana-Ghalar Dubh
Thar n-ais chugam arís

Tusa mo chara speisialta a deir Pádraig liomsa
Leanann sé ar aghaidh
Ná tuigeann tú é sin?
Tá do dhóthain le déanamh agat
’Athair
Seachas a bheith ag éisteacht liomsa
A deirim leis.

Teastaíonn uaim é a chur ag gáirí
An cairdeas atá eadrainn a neartú
Deineann gáire san, gan aon dabht.

An bhfuil a fhios agat, a Phádraig,
Cad a bhí ar bun agam inniu?
Ghoideas tuí ón mainséar!
I ngan fhios d’éinne!

“Ó Immeal Átha a tháinig an nós san”, ar sé
Sea, ó mo sheana-mháthair arsa mise.
Gháireamar beirt, gan stad gan staonadh.

“Beannacht Dé le hanamacha na Marbh” ar sé.
Caithfidh tú píosa don tuí a thabhairt dom.
Chuas isteach ’on tsáipéil agus lasas coinneal
Bhí casúr ina luí ar an altóir
Tháinig sceitimíní orm.
Chuas go dtí an mainséar
Agus thosnaíos ag caint le Joe
 Joe an Siunéir
A mhúin a cheard don Leanbh Íosa
An cheard chéanna a bhí agam fhéin
Nuair a bhíos ag obair sna Stáit Aontaithe
Casúr im’ láimh
Agus amhrán im’ chroí

Is mór an sásamh a fuaireas as an gcasúr.
Go háirithe an uair a dheineas na cabinets
Do Joan Kennedy cáiliúil, alcólach bocht

Bhí áthas orm agus mé ag imeacht doras an tsáipéil amach
Casúr i láimh amháin
Tuí sa láimh eile
Agus amhrán im’ chroí

Bronntanas do mo chara Phádraig
Ní bheidh easpa ar aon duine don mbeirt againn
I mbliana le cúnamh Dé.

Gháireas go ciúin chugam fhéin agus
Siúd liom suas an bóithirín
Chun Tigh na Sagart.