Thursday, 29 August 2013

Mo Sciatháin Briste

Dúirt Muire i gcogar liom
Inniu
“Ná lig de na rúin cur isteach ort…
Ná bí buartha futhu…
Táimse i d’theannta…
Ná dein dearmad ar t’anam
Ná ar anamacha do mhuintir
Bí cróga
Seas in aghaidh na gaoithe

Ó a Mhuire, a Mharia
Táim lag agat
Lag ó bheith ag smaoineamh
Mearbhall orm
Cosúil le caoire le galar cam

Cím rud éigin ag corraí sa ghort
Rud éigin dubh
Dorcha
An diabhal…
Ab ea…?
Táim scanraithe anois

Ní scaoilfidh me na rúin le héinne
Ach a Mháthair
Tá cnopán mór
Curtha agat ar mo dhrom
Táim cosúil leis an seanleaid
A bhí ag teacht ón nDaingean
Agus a chuala na púcaí ag canadh
Agus a dhein pairseach don amhrán
Dé Luain, Dé Máirt
Dé Luain, Dé Máirt

Bain díom an t-ualach
Saor mé ón gcreideamh seo
Lig dom seasamh suas díreach
Go dtógfaidh tú i do bhaclainn me
Agus go bpógfaidh tú

Mo sciatháin briste.

An Ghealach Gorm

D’eirigh an ghealach gorm
Amach as an doiricheacht
Ní raibh éinne timpeall chun cabhrú liom
Chuala an mada rua ag liúreach
Agus uan bheag bhán ag béicigh
An nadúr corraithe
Sceoin im’ chroí.

Bhíse imithe uaim
An gomh ort chugam
Nuair ná raibh an dínnéar
Réitithe i gceart duit
Breall ort
Furist breall a chur ort…

Bhí an oíche ar lasadh fén dtrath seo
An ghealach lán sa spéir
Dhúnas na fuinneoga
Chuireas na baltaí ar na dóirse
Mhúcas na soilse
Agus shuíos im chathaoir cois tine
Ag éisteacht agus
Ag fanacht.

Bhí an mada rua le clos fós
Ach bhí an t-uan balbh
Mise ann fós
Ag éisteacht agus

Ag fanacht. 

Sunday, 25 August 2013

An Gadaí Gránna

’Sé seo an saol
Saol gan mhaith
Gan gháire
Gan ghreann.

Níl éinne im’ shaol anois
Bhí fear ann tráth
Ach…d’imigh sé…
Ar imirice chun na hAifrice
A dúirt sé liom.

Scríbhneoir ab ea é
A dúirt sé liom
Philanthropist
Huh!
Ag scríobh aistí
Ní bhfuaireas é sin amach
Go dtí an lá a dúirt sé
Slán.

Aistí!...huh!
Ní mór mar sin
An scríbhneoir é
Ag ligint air
Go bhféadfadh sé scríobh
Ag ligint air
Go raibh sé i ngrá liom.

Ghoid sé mo chroí
An gadaí gránna.

Ghoid sé m’anam
Agus ghoid sé mo chorp.

Ghoid sé an fuinneamh a bhí ionam.

Táim mar rud marbh anois aige
Rud caite críonna…bailithe
Agus é fhéin…bailithe leis
Go meidhreach
An bother síos
Ar a bhicycle

Slán leat
A sheanrud gan mhaith.

Dein staidéar ar bhean eile,
Ar chultúr eile
Ar chroí eile
Ar amadán eile…

Táim níos fearr as
I m’aonar.

Saturday, 24 August 2013

Is ag Dia amháin atá fhios

Cá bhfuileann tú uaim, a chroí
Táim ag fanacht leat
Mo shaol go léir.

D’imís uaim ar nós gal gaoithe
Gan tásc ná tuairaisc ort
Le blianta fada.

Tá an rós a thugais dom
Fós go h-álainn
Suite istigh idir dhá leathanach
An Bhioba Naofa
Triomaithe ar feadh na síoraíochta
Cumhra álainn mór thimpeall mo thig.

An cuimhin leat an tráthnóna san
A chuamar go dtí Cill Airne
Bhí relics Naomh Treasa sa Chathedral
Scuaine mílte ar fad
Gach éinne socair
Beagán báistí
Gan éinne  ag gearán
Ceo bog ár gclúdach
Blaincéad
Chuir sé Auszwich i gcuimhne duitse
Chuir sé Neamh i gcuimhne dósa

D’athraigh an turas sin go Cill Airne gach rud
D’imigh an pian a bhí im’ cheann agam
Agus d’imigh tusa om’ thaobh
Neadar cad a tharla
Is ag Dia amháin atá a fhios.


Maria Ní Mhurchú

Dán do shaghas eile...

COUREL dos tesos cumes que ollan de lonxe!
Eiquí síntese ben o pouco que é un home...
                                                       
High mountains of Courel that look far away!
Here you can feel how small a person can be...
                                                Uxío Novoneyra

Féach ar shléibhte Courel a fhéachann i bhfad ó bhaile!
Anseo is féidir a bhrath cé chomh beag bídeach is is féidir le duine a bheith…

                                                Maria Ní Mhurchú

Friday, 23 August 2013

An Colúr Bán

Ní féidir liom codladh anocht.
An iomarca ag titim amach ar fuaid an domhain
Ná féach ar an dteilifís mar sin!
Ach níl aon leigheas agam air
Pictiúirí ag cur as dom’ cheannaín bocht.

Socraím an piliúr
Éistím leis na blues
Léim leabhar
Deirim paidir.

Táim ag fanacht le Ian ach
Níl tásc ná tuairisc air…

Cloisim an ghloine á briseadh thíos staighre
Ó Chríost, cad a dhéanfad nó cé tá ann…?
Éirím as mo leaba, mo dhá chos cosúil le jelly
Éalaím síos an staighre
Shh! Tá glór sa seomra suite.
Osclaím an doras go mall
Ar crith agus mo chroí cosúil le pump
Tá an vás a bhí suite os cionn na tine
Briste i smidiríní ar fuaid an urláir
Agus éan ag eitilt ón dteilifís
Go dtí an chathaoir
Go dtí an bord
Cac ar fuaid na háite aige.

Deirim paidir
Tá an t-éan bocht níos a mheasa ná mar atáimse.
Scaoilim saor é isteach i ndoircheacht na hoíche
Agus deinim cupán tae
Cím scáth an cholúir bháin sa ghealach agus
É ag eililt i dtreo na réiltíní.


Fear a’ Tí

Tánn tú suite ansan
Ar do sháimhín só
Beag beann ar an saol
Lasmuigh de do dhoras
Cathaoir órga faoid’ thóin
Agus leanbh breá beathaithe
Ataithe
Faoi d’ascail.

Tá leanaí na tíre seo
Ataithe
Chomh maith
Ach ní ag caviar
Ach ag aer tirim na dúiche…

Is maith liom an dath dearg
Atá ar do ghúna galánta
Ach b’fhearr liom
A bheith istigh i bpluais
Seachas cur suas leis
An bpusachán atá pósta leat.

An gcuimhníonn  tú riamh ormsa anois?
Bhís ana-mhór liom nuair a bhíomar óg.
Sciobais mo leannán uaim
Le do chuid airgid agus ardnósanna.

Bhailíos liom chuig an Aifric
Croíbhriste.
Nósanna de shaghas eile amuigh anso
A thógann tamall dul i dtaithí orthu
Ach nach mise a bhí ámharach
Gur thugas na cosa go deas liom.