Sunday 3 November 2013

Machnamh Mharia


Siúlaim suas An Bóthar Fada
Ag éisteacht le mo raidió
Ag tabhairt aire dom chúram fhéin.

Tá bean caite cois chlaí
Ag ól buidéal cider
Béiceann sí:
“Agus cad leis atánn tú ag éisteacht…in Ainm Dé?”
Sobal léi…
A caincín geancach cosúil le brocaire i bpoll coinín
Ag réabadh is ag tochailt eolais
Chun é a scaipeadh ar fuaid
Bhaile an Daingin.

Tá éad uirthi anois mar ná féidir léi
Meangadh gáire a dhéanamh
Mar a dheinimse…
Nuair a eistím le Gift Grub…!!
Ach shh!!

Shh!!

“Ó tá san fé rún” a deirimse
“Ó in aimn Dé”, ar sí arís, ag sceamhaíl orm.

Caithim gáire

A bhitch…
’Sé mo chúram fhéin é…

Leanaim orm go costrom suas an bóthar
Ag déanamh mo mhachnamh

Agus
Shh!!
Sea…
Mé cráite ag ceol.

Tuesday 10 September 2013

An tSiúir Stan

[Maireann an tSiúr Stanislaus in aice liom. ]

Crochadh Íosa ar an gCrois
Tairne ins ngach láimh
A dhá chos greamaithe den adhmad
Fuil ag sileadh síos a aghaidh
Ón gcoróin spíona
A raibh sáite go doimhin ina cheann.

Íosa bocht
É cosúil le uan

Cosúil leis an seana-wino bocht
Sa lá atá inniu ann
Sínte ar chlár adhmad
Fuil ag teacht amach a chluasa
Taréis bataráil na hoiche d’fháil
Ó ghang dhéagoirí
A cheap go raibh sé cool fear bocht, ciúin, cinéalta
A chicéail sa cheann.

Fear bocht
É cosúil le uan

Paipear tarraingte timpeall ar fhéin
Ag iarraidh é fhéin a théamh

Ach d’eirigh Íosa ós na mairbh
Agus shabháil sé an chinneadh daonna

D’eirigh an tSiúir Stan óna leabaigh
Chun an wino bocht a shábháil

Ghlan sí an fuil go mín dá aghaidh
Thug sí bath do
Asus leaba deas glan
Agus pyjamas
Agus braon tae
Agus buidéal uisce te.

Na deora ag sileadh le Jude
Ach gan aon airgead aige chun an aingeal seo a íoc
Bheadh gach aon pingin ó Jude á spárailt aige
Chun buidéal cider a cheannach
Larna na mháireach

Ná bac leis a dúirt an bhean lach cráifeach cinéalta
Ach rud amháin a iarraim duit
Teir an tséiléal agus las coinneal dom
Agus tabhair aire duit fhéin

Sister Stan
Í cosúil le h-uan


Thursday 29 August 2013

Mo Sciatháin Briste

Dúirt Muire i gcogar liom
Inniu
“Ná lig de na rúin cur isteach ort…
Ná bí buartha futhu…
Táimse i d’theannta…
Ná dein dearmad ar t’anam
Ná ar anamacha do mhuintir
Bí cróga
Seas in aghaidh na gaoithe

Ó a Mhuire, a Mharia
Táim lag agat
Lag ó bheith ag smaoineamh
Mearbhall orm
Cosúil le caoire le galar cam

Cím rud éigin ag corraí sa ghort
Rud éigin dubh
Dorcha
An diabhal…
Ab ea…?
Táim scanraithe anois

Ní scaoilfidh me na rúin le héinne
Ach a Mháthair
Tá cnopán mór
Curtha agat ar mo dhrom
Táim cosúil leis an seanleaid
A bhí ag teacht ón nDaingean
Agus a chuala na púcaí ag canadh
Agus a dhein pairseach don amhrán
Dé Luain, Dé Máirt
Dé Luain, Dé Máirt

Bain díom an t-ualach
Saor mé ón gcreideamh seo
Lig dom seasamh suas díreach
Go dtógfaidh tú i do bhaclainn me
Agus go bpógfaidh tú

Mo sciatháin briste.

An Ghealach Gorm

D’eirigh an ghealach gorm
Amach as an doiricheacht
Ní raibh éinne timpeall chun cabhrú liom
Chuala an mada rua ag liúreach
Agus uan bheag bhán ag béicigh
An nadúr corraithe
Sceoin im’ chroí.

Bhíse imithe uaim
An gomh ort chugam
Nuair ná raibh an dínnéar
Réitithe i gceart duit
Breall ort
Furist breall a chur ort…

Bhí an oíche ar lasadh fén dtrath seo
An ghealach lán sa spéir
Dhúnas na fuinneoga
Chuireas na baltaí ar na dóirse
Mhúcas na soilse
Agus shuíos im chathaoir cois tine
Ag éisteacht agus
Ag fanacht.

Bhí an mada rua le clos fós
Ach bhí an t-uan balbh
Mise ann fós
Ag éisteacht agus

Ag fanacht. 

Sunday 25 August 2013

An Gadaí Gránna

’Sé seo an saol
Saol gan mhaith
Gan gháire
Gan ghreann.

Níl éinne im’ shaol anois
Bhí fear ann tráth
Ach…d’imigh sé…
Ar imirice chun na hAifrice
A dúirt sé liom.

Scríbhneoir ab ea é
A dúirt sé liom
Philanthropist
Huh!
Ag scríobh aistí
Ní bhfuaireas é sin amach
Go dtí an lá a dúirt sé
Slán.

Aistí!...huh!
Ní mór mar sin
An scríbhneoir é
Ag ligint air
Go bhféadfadh sé scríobh
Ag ligint air
Go raibh sé i ngrá liom.

Ghoid sé mo chroí
An gadaí gránna.

Ghoid sé m’anam
Agus ghoid sé mo chorp.

Ghoid sé an fuinneamh a bhí ionam.

Táim mar rud marbh anois aige
Rud caite críonna…bailithe
Agus é fhéin…bailithe leis
Go meidhreach
An bother síos
Ar a bhicycle

Slán leat
A sheanrud gan mhaith.

Dein staidéar ar bhean eile,
Ar chultúr eile
Ar chroí eile
Ar amadán eile…

Táim níos fearr as
I m’aonar.

Saturday 24 August 2013

Is ag Dia amháin atá fhios

Cá bhfuileann tú uaim, a chroí
Táim ag fanacht leat
Mo shaol go léir.

D’imís uaim ar nós gal gaoithe
Gan tásc ná tuairaisc ort
Le blianta fada.

Tá an rós a thugais dom
Fós go h-álainn
Suite istigh idir dhá leathanach
An Bhioba Naofa
Triomaithe ar feadh na síoraíochta
Cumhra álainn mór thimpeall mo thig.

An cuimhin leat an tráthnóna san
A chuamar go dtí Cill Airne
Bhí relics Naomh Treasa sa Chathedral
Scuaine mílte ar fad
Gach éinne socair
Beagán báistí
Gan éinne  ag gearán
Ceo bog ár gclúdach
Blaincéad
Chuir sé Auszwich i gcuimhne duitse
Chuir sé Neamh i gcuimhne dósa

D’athraigh an turas sin go Cill Airne gach rud
D’imigh an pian a bhí im’ cheann agam
Agus d’imigh tusa om’ thaobh
Neadar cad a tharla
Is ag Dia amháin atá a fhios.


Maria Ní Mhurchú

Dán do shaghas eile...

COUREL dos tesos cumes que ollan de lonxe!
Eiquí síntese ben o pouco que é un home...
                                                       
High mountains of Courel that look far away!
Here you can feel how small a person can be...
                                                Uxío Novoneyra

Féach ar shléibhte Courel a fhéachann i bhfad ó bhaile!
Anseo is féidir a bhrath cé chomh beag bídeach is is féidir le duine a bheith…

                                                Maria Ní Mhurchú