Monday 5 August 2013

An Gadaí Gránna

An Gadaí Gránna....    [leaid a sciob mo chroí leis ina shatchel...!!! lol ]  

’Sé seo an saol
Saol gan mhaith
Gan gháire
Gan ghreann

Níl éinne im’ shaol anois
Bhí fear ann tráth
Ach…d’imigh sé…
Ar imirice chun na hAifric
A dúirt sé liom.

Scríbhneoir ab ea é
A dúirt sé liom
Philanthropist
Huh!
Ag scríobh aistí.
Ní bhfuaireas é sin amach
Go dtí an lá a dúirt sé
Slán.

Aistí!...huh!
Ní mór mar sin
An scríbhneoir é
Ag ligint air
Go bhféadfadh sé scríobh
Ag ligint air
Go raibh sé i ngrá liom

Ghoid sé mo chroí
An gadaí gránna

Ghoid sé m’anam
Agus ghoid sé mo chorp.

Ghoid sé an fuinneamh a bhí ionam

Táim mar rud marbh anois aige
Rud caite críonna…bailithe
Agus é fhéin…bailithe leis
Go meidhreach
Síos an bothar
Ar a bhicycle

Slán leat
A sheana-rud gan mhaith.

Dein staidéar ar bhean eile,
Ar chultúir eile
Ar chroí eile
Ar amadán eile…

Táim níos fearr as
I m’aonar.


No comments:

Post a Comment