Monday 5 August 2013

Mo Chara Pádraig

Tá cara mór maith agam
Agus Pádraig is ainm do
Siúnéir ab ea é nuair a bhí sé óg
Inniu is Corp agus Fuil Íosa é.

Glaonn sé orm ar mo mhobile
Conas tánn tú inniu?
Níos fearr a deirim…

Ní theastaíonn uaim é a chrá
Ní ligim orm go bhfuil
An seana-Ghalar Dubh
Thar n-ais chugam arís

Tusa mo chara speisialta a deir Pádraig liomsa
Leanann sé ar aghaidh
Ná tuigeann tú é sin?
Tá do dhóthain le déanamh agat
’Athair
Seachas a bheith ag éisteacht liomsa
A deirim leis.

Teastaíonn uaim é a chur ag gáirí
An cairdeas atá eadrainn a neartú
Deineann gáire san, gan aon dabht.

An bhfuil a fhios agat, a Phádraig,
Cad a bhí ar bun agam inniu?
Ghoideas tuí ón mainséar!
I ngan fhios d’éinne!

“Ó Immeal Átha a tháinig an nós san”, ar sé
Sea, ó mo sheana-mháthair arsa mise.
Gháireamar beirt, gan stad gan staonadh.

“Beannacht Dé le hanamacha na Marbh” ar sé.
Caithfidh tú píosa don tuí a thabhairt dom.
Chuas isteach ’on tsáipéil agus lasas coinneal
Bhí casúr ina luí ar an altóir
Tháinig sceitimíní orm.
Chuas go dtí an mainséar
Agus thosnaíos ag caint le Joe
 Joe an Siunéir
A mhúin a cheard don Leanbh Íosa
An cheard chéanna a bhí agam fhéin
Nuair a bhíos ag obair sna Stáit Aontaithe
Casúr im’ láimh
Agus amhrán im’ chroí

Is mór an sásamh a fuaireas as an gcasúr.
Go háirithe an uair a dheineas na cabinets
Do Joan Kennedy cáiliúil, alcólach bocht

Bhí áthas orm agus mé ag imeacht doras an tsáipéil amach
Casúr i láimh amháin
Tuí sa láimh eile
Agus amhrán im’ chroí

Bronntanas do mo chara Phádraig
Ní bheidh easpa ar aon duine don mbeirt againn
I mbliana le cúnamh Dé.

Gháireas go ciúin chugam fhéin agus
Siúd liom suas an bóithirín
Chun Tigh na Sagart.


No comments:

Post a Comment