Oíche
Chinn Bhliana
Féachaim amach an fhuinneog
Níl faic le feiscint
Ceo mar phlaincéad
Ar thithe mo chomharsan.
Soilse ag iarraidh solas a chaitheamh
Ar an mbóthar.
Ceo mí-nádúrtha
Ar aon dul lem’ cheann
Múchta.
Slogaim cúpla piolla
Agus féachaim timpeall orm fhéin;
Mo sheomra cosúil le tip
Na haon rud i ngabhal a chéile
Gan fonn orm mo chuid éadaigh a chrochadh
suas…
Gan fonn orm iad a ní…
Gan fonn orm mé féin a ní.
Ní féidir liom éirí
Ceangailte dem’ leaba
Le cornasc óm’ cheann
Mo smaointe trína chéile.
Cá bhfuil Íosa anois?
Cá bhfuil Padre Pio?
Ní féidir liom paidir a rá
Ní féidir liom codladh.
Shh!
Cloisim torann i bhfad uaim
Lasann an oíche.
Splancanna spleodracha a lasann an oíche
Tagann éirí croí orm.
Na fireworks
ar an gcé dearmadta agam -
Oíche Chinn Bhliana.
Leanann an spré órga, gorm, oráiste,
airgead
Maireann sé leathuair a’ chloig.
Dúnaim an fhuinneog,
Dúnaim mo shúile,
Deinim iarracht ar chodladh.
No comments:
Post a Comment