Friday 23 August 2013

An Colúr Bán

Ní féidir liom codladh anocht.
An iomarca ag titim amach ar fuaid an domhain
Ná féach ar an dteilifís mar sin!
Ach níl aon leigheas agam air
Pictiúirí ag cur as dom’ cheannaín bocht.

Socraím an piliúr
Éistím leis na blues
Léim leabhar
Deirim paidir.

Táim ag fanacht le Ian ach
Níl tásc ná tuairisc air…

Cloisim an ghloine á briseadh thíos staighre
Ó Chríost, cad a dhéanfad nó cé tá ann…?
Éirím as mo leaba, mo dhá chos cosúil le jelly
Éalaím síos an staighre
Shh! Tá glór sa seomra suite.
Osclaím an doras go mall
Ar crith agus mo chroí cosúil le pump
Tá an vás a bhí suite os cionn na tine
Briste i smidiríní ar fuaid an urláir
Agus éan ag eitilt ón dteilifís
Go dtí an chathaoir
Go dtí an bord
Cac ar fuaid na háite aige.

Deirim paidir
Tá an t-éan bocht níos a mheasa ná mar atáimse.
Scaoilim saor é isteach i ndoircheacht na hoíche
Agus deinim cupán tae
Cím scáth an cholúir bháin sa ghealach agus
É ag eililt i dtreo na réiltíní.


No comments:

Post a Comment